1. Gan dochar do Threoir (AE) 2020/1828 nó d’aon chineál ionadaíochta eile faoin dlí náisiúnta, beidh an ceart, ar a laghad, ag faighteoirí seirbhísí idirghabhálacha sainordú a thabhairt do chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas na cearta a thugtar leis an Rialachán seo a fheidhmiú thar a gceann, ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht, eagraíocht nó comhlachas gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
- (a) feidhmíonn sé nó sí ar bhonn neamhbhrabúis;
- (b) bunaíodh é nó í go cuí i gcomhréir le dlí Ballstáit;
- (c) tá leas dlisteanach i dtaca lena áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo i measc a chuspóirí reachtúla.
2. Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go ndéanfar gearáin arna gcur isteach ag comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo thar cheann fhaighteoirí na seirbhíse trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 20(1) a phróiseáil agus a chinneadh ar bhonn tosaíochta agus gan moill mhíchuí.
