1. Foilseoidh an Coimisiún na cinntí a ghlacann sé de bhun Airteagal 70(1), Airteagal 71(1), agus Airteagail 73 go 76. Mar chuid den fhoilsiú sin, luafar ainmneacha na bpáirtithe agus príomhinneachar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionóis a forchuireadh.
2. Leis an bhfoilsiú, tabharfar aird ar chearta agus leasanna dlisteanacha sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, aon duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) agus aon tríú páirtí maidir le cosaint a gcuid faisnéise rúnda.
