Airteagal 76 – Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, lena bhforchuirfear ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), de réir mar is infheidhme, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nach mó ná 5 % den mheánioncaim laethúil nó den mheánláimhdeachas bliantúil ar fud an domhain, arna ríomh ón dáta arna cheapadh leis an gcinneadh, chun iallach a chur orthu an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • (a) faisnéis cheart agus iomlán a chur ar fáil mar fhreagra ar chinneadh ina dteastaíonn faisnéis de bhun Airteagal 67;
  • (b) géilleadh do chigireacht atá ordaithe aige le cinneadh de bhun Airteagal 69;
  • (c) cinneadh lena n-ordaítear dó bearta eatramhacha a ghlacadh de bhun Airteagal 70(1) a chomhlíonadh;
  • (d) gealltanais a rinneadh ceangailteach le cinneadh de bhun Airteagal 71(1) a chomhlíonadh;
  • (e) cinneadh a chomhlíonadh de bhun Airteagal 73(1), lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais a bheidh ann i ndáil leis an bplean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 75.

2. I gcás ina bhfuil an oibleagáid atá le forfheidhmiú tríd an íocaíocht phionósach thréimhsiúil comhlíonta ag soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), féadfaidh an Coimisiún méid cinntitheach na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a shocrú ag figiúr atá níos ísle ná an méid a bheadh ann faoin gcinneadh bunaidh.

Scroll to Top