Airteagal 6 – Óstáil

1. I gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise arb é atá inti stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas as an bhfaisnéis a stóráiltear arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse ar choinníoll:

  • (a) nach bhfuil eolas iarbhír ag an soláthraí ar ghníomhaíocht neamhdhleathach nó inneachar neamhdhleathach agus, a mhéid a bhaineann le héilimh ar dhamáistí, nach bhfuil sé ar an eolas faoi fhíorais nó cúinsí ónar léir an ghníomhaíocht neamhdhleathach nó an t-inneachar neamhdhleathach; nó
  • (b) nuair a fhaigheann an soláthraí an t-eolas nó an fheasacht sin, go bhfeidhmíonn sé go tapa chun rochtain ar an inneachar neamhdhleathach a bhaint nó a dhíchumasú.

2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás ina bhfuil faighteoir na seirbhíse ag feidhmiú faoi údarás nó smacht an tsoláthraí.
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an dliteanas faoi dhlí um chosaint tomhaltóirí na n-ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, i gcás ina gcuireann ardán ar líne den sórt sin an mhír shonrach faisnéise i láthair nó ina gcumasaíonn sé ar bhealach eile an t-idirbheart sonrach atá i gceist ar bhealach a thabharfadh le fios do ghnáth-thomhaltóir go bhfuil an fhaisnéis, nó an táirge nó an tseirbhís is ábhar don idirbheart, á soláthar ag an ardán ar líne féin nó ag faighteoir na seirbhíse atá ag feidhmiú faoina údarás nó faoina smacht.
4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht d’údarás breithiúnach nó riaracháin, i gcomhréir le córas dlí Ballstáit, éileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc.

Scroll to Top